Bhí mé lá breá samhraidh ’mo sheasamh ar an mhargadh Is iomaí fear a dúirt liom “Monuar ’s gan tú sa bhaile agam” ’s a stór, a stór, a ghrá Ó ’s a stór, a stór, an dtiocfaidh tú? ’s a stór, a stór, a ghrá Orú an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú? Gheall mo ghrá domhsa cinnte go dtiocfadh sí Ach ní raibh a culaith déanta Agus sin an rud a choinnigh í ’s a stór, a stór, a ghrá Ó ’s a stór, a stór, an dtiocfaidh tú? ’s a stór, a stór, a ghrá Orú an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú? Tá an t-uisce ag teacht ón Éirne ’s tá an féar ag teacht ó neamh chugainn Tá utha na mba á réabadh ar mhéid is ’tá de bhainne acu ’s a stór, a stór, a ghrá Ó ’s a stór, a stór, an dtiocfaidh tú? ’s a stór, a stór, a ghrá Orú an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú? Thart tóin an gharraí, a Mháire, ’bhfuil an fhidil leat? Aicearra na bprátaí go dtéimid ’sair an fhidileoir ’s a stór, a stór, a ghrá Ó ’s a stór, a stór, an dtiocfaidh tú? ’s a stór, a stór, a ghrá Orú an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú? Bhí mé lá den tsaol ’s bhí cion amuigh is istigh orm Ach nach mór a d’athraigh an saol nuair nach bhfuil cion ag duine ar bith orm? ’s a stór, a stór, a ghrá Ó ’s a stór, a stór, an dtiocfaidh tú? ’s a stór, a stór, a ghrá Orú an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú? ’s a stór, a stór, a ghrá Ó ’s a stór, a stór, an dtiocfaidh tú? ’s a stór, a stór, a ghrá Orú an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?