Tá crann úll i gcoirnéal an ghairdín is suífimid síos nó go gcuire muid an fál air ar eagla go dtitfeadh an bunadh óg i ngrá leis Nuair a bhogfas tusa, bogfaidh mise, is bogfaidh muid le chéile A chraoibhín aoibhinn álainn ó B’fhearr liom an gabha ’tá ag obair sa cheartán ag bualadh an t-ord go lúchmhar is go láidir A shaothródh an scilling is d’ólfadh ’dtigh an tabhairne é Nuair a bhogfas tusa, bogfaidh mise, is bogfaidh muid le chéile A chraoibhín aoibhinn álainn ó B’fhearr liom an feirmeoir ag seoladh amach go haerach maidin dheas san earrach, le seisreach is péire, ag cromadh ar an obair ’s ag tiontó an chreafóg Nuair a bhogfas tusa, bogfaidh mise, is bogfaidh muid le chéile A chraoibhín aoibhinn álainn ó B’fhearr liom an t-iascaire amuigh ina bháidín, ag cur a chuid eangach ’s ag breith ar na bradáin, ag troid leis na tonnta ó oíche go maidin Nuair a bhogfas tusa, bogfaidh mise, is bogfaidh muid le chéile A chraoibhín aoibhinn álainn ó Nuair a bhogfas tusa, bogfaidh mise, is bogfaidh muid le chéile A chraoibhín aoibhinn álainn ó