AWA
0
0
  • 2017.06.01
  • 3:09
AWAで聴く

歌詞

Pléaráca na Ruarcach I gcuimhne gach uile dhuine Dá dtiocfaidh, dá dtáinic, 's dá maireann go fóill: Seacht bhfichid muc, mart agus caora Dhá gcasgairt don ghasraí gach aon ló. Céad páil uisge bheatha 's na meadra dhá líona, Ag éirghe ar maidin is againn bhí an spóirt. Briseadh do phíopa-sa, sladadh mo phóca-sa, Goideadh do bhríste-sa, loisgeadh mo chlóca-sa, Chaill mé mo bhairéad, m'fhallaing is m'fhiléad, Ó d'imigh na gairéad ar seacht mbeannacht leó! Cuir spraic ar a' gcláirsigh, seinn suas a' pléaráca, An bucsa sin, 'Áine, 'gus greadóg le n-ól! Lucht leanamhna na Ruarcach a' cratha a gcleití, Tráth chuala siad tormán nó troimpléasg an cheóil; D'éirigh gach aon aca gan coisreaca 'n-a leabaidh, Is a bhean leis ar strachailt in gach aon chórn. Nár láidir an seasamh don talamh bhí fútha, Gan réaba le sodar agus glug ins gach bróig! Saol agus sláinte dhuit, 'Mh'leachlainn Uí Fhionnagáin! Dar mo láimh is maith a dhamhsuíos tú, 'Mhársail Ní Ghriodagáin! Here's to you, 'mháthair, I pledge you, God save you! Beir ar a' sgála so, sgag é in do sgóig. Crath fúinn an tsráideóg, sín tharuinn an bhán-phluid, Tugthar ar sáith dhúinn de lionn-choirm chóir! A Árd-Rí na gcarad, cébi 'tchífeadh an ghasraí Ar líona a gcraicní nó ar lasa san ól! Cnáimh righe bacaird ar fad in gach sgín aca, A' gearra 's a' cosgairt go mór, mór, mór; A slisneacha darach ar lasa a' gabháil fríd a chéile, A' buala, a' greada, a' losga 's a' dódh. A bhodaigh, 'sé m'athair-se chuir Mainistir na Búille suas, Sligeach is Gaillimh is Caraidh Dhroma Rúisgthe fós. Iarla Chill' Dara agus Biadhtach Mhuí n-ealta, Siad d'oil agus d'altruim mé, fiosraigh so de Mhór. Tóig suas a' t'ádhmad agus buail an t-alárm air, Preab ionsa táirr agus cic ionsa tóin! "Cé thóig a' t-alárm so?" ar aon den Eaglais, Ag éirghe 'n-a sheasamh 's a' bagairt go mór; Ní h-é spairgeas uisge coisreactha ghlac sé sa gcíora Ach bata maith darach, bog-lán dóirn! Trh shíl sé na caithmhílidh a chasgairt 's a chíora, Do fágadh an sagart 'n-a mheall chasta fán mbórd. D'éirigh na bráithre a' tárrtháil na bruíne, Is fágadh an t-Athair Gáirdian ar a thárr 'n-áirde sa ngríosaí. "Tráth bhínn-se ag an bPápa ar stuidéar na ngrásta, 'S a' glaca na ngrádhamh tháll ins a' Róimh, 'Sé an Seven Wise Masters bhí agad ar do tháirr, Is tú a' rósta na bprátaí láimh leis a' tSídh Mhór!

このページをシェア

Seán Ó Riada/Ceoltóirí Chualann/Seán Ó Séの人気曲

Seán Ó Riada/Ceoltóirí Chualann/Seán Ó Sé
の他の曲も聴いてみよう
AWAで他の曲を聴く
はじめての方限定
1か月無料トライアル実施中!
登録なしですぐに聴ける
アプリでもっと快適に音楽を楽しもう
ダウンロード
フル再生
時間制限なし